Discover more books to read

12 excellent Irish language children's books for Seachtain na Gaeilge

Treoirleabhar Léitheoireachta 2025 is a new guide to Irish language books for children and teens of all ages.

To celebrate Seachtain na Gaeilge, the annual festival to promote the Irish language and culture (1st-17th March), we've highlighted 12 brilliant books from the guide, including stories for young children just starting their reading journey and novels for more confident readers.

Are you ready to give Gaeilge a go?

Treoirleabhar Léitheoireachta 2025

About Treoirleabhar Léitheoireachta 2025

Treoirleabhar Léitheoireachta 2025 is produced in collaboration between Foras na Gaeilge and Children’s Books Ireland, with the support of Love Leabhar Gaeilge. 

It's filled with 100 brilliant recommendations – from boardbooks to picturebooks, non-fiction to poetry collections, comics and middle-grade fiction to young adult fiction – encouraging young readers and language learners from 0–18 to pick up a book as Gaeilge.

So, whether you have a cúpla focal or are keen to read more as Gaeilge to little ones at home, there's a book for everyone here to enjoy! The reading guide is available now in participating bookshops and libraries across the island of Ireland, and can be downloaded for free from Children's Books Ireland.

Download the guide


Find a bookshop near you

Bearradh Gruaige d’Eoinín by Muireann Ní Chíobháin and illustrated by Róisín Hahessy (0-4)

Is minic a bhíonn drogall ar pháistí óga bearradh gruaige a fháil. Agus cén fáth nach mbeadh? Siosúr géar, trup millteanach ón triomadóir agus strainséir ag cur isteach ort le horduithe. Ach leis an leabhar beag gleoite seo, beidh tachráin ábalta cuairt a thabhairt ar an ngruagaire roimh ré in éineacht le mamaí nó daidí agus uainín cróga lomrach. Tá na leathanaigh breactha le sonraí beaga suimiúla fosta – is greannmhar an radharc de héin ag tógáil neide in olann thiubh na caorach!

Especially perfect for children who might be nervous about going to the hairdresser – they can join Eoinín the sheep as he bravely gets his hair cut. Part of a series.

Bearradh Gruaige d'Eoinin

 

Teach Teidí by Sadhbh Rosenstock and illustrated by Ciara Ní Dhuinn (0-4)

Amhráin agus rannta nuachumtha do leanaí óga i leabhar mealltach nasctha le cód QR. Téimid ar thuras samhlaíochta le Teidí, buailimid le carachtair éagsúla shuimiúla. Tá intreoir gairid ag tús gach amhrán. Tá íomhánna tarraingteacha gleoite sa leabhar. Neartaíonn siad na hamhráin agus léiríonn siad ciall na bhfocal. Tá athrá sna hamhráin agus iad éasca le cur de ghlanmheabhair. Iontach sa charr, sa teach nó sa seomra ranga!

Go on a singing, rhyming adventure into the imagination with Teidí. First in a series.

Teach Teidi

 

Fuaimeanna Na Feirme by Risteard Mac Liam and illustrated by Anna Shaballtii with music by Hanna Jordan (0-4,5-7)

Is leabhar fuaimdreacha é seo do dhaoine óga (agus a dteaghlaigh). Tá sé bunaithe ar an timpeallacht, mar sin beidh deis iontach ag an léitheoir nithe éagsúla a fhoghlaim faoin gcomhshaoil. Tá friotal agus saibhreas na Gaeilge lárnach sa leabhar. Tá rím spreagúil fite fuaite tríd agus taitneoidh an t-athrá le páistí. Tá an ceol agus na fuaimeanna iad féin go hálainn. Cuireann an ealaín phrionta go mór leis an scéalaíocht agus réitíonn sé go maith leis an téacs agus leis an bhfuaim.

The reader’s mind will wander to the countryside as they listen to the sounds of the farm.

Fuaimeanna Na Feirme

 

An Snag Breac Ildaite by Emma Baskin and illustrated by Serena Scully (2-4)

Scéal gleoite ina ndéantar iniúchadh ar dhathanna an dúlra agus coincheap na féinmhuiníne. Foghlaimíonn an snag breac nach bhfuil sé chomh leamh agus a cheapann sé. Tarraingítear an léitheoir isteach le léaráidí iontacha. Baintear úsáid as cló ildaite chun na dathanna a bhéimniú. Tagann na gnéithe scríofa agus na hamhairc le chéile go deas. Tá simplíocht álainn sa téacs, agus athrá a chabhraíonn le léitheoirí óga. Músclaítear ionadh an léitheora sa timpeallacht nádúrtha, feictear réimse dathanna agus teagasc dearfach croíúil.

Admire the colourful beauty of nature in this story about a magpie becoming self-confident.

An Snag Breac Ildaite

 

Puifín Beag agus an Ubh by Erika McGann and illustrated by Muireann Ní Chíobháin and Gerry Daly (2-4)

Ó bhó go deo – tá ubh bheag ar strae ó pholl na bpuifín! Ná bí buartha, tá Puifín Beag ar an misean len í a thabhairt chun sábháilteachta. Buailimid leis an gcarachtar gleoite Puifín Beag arís sa scéal seo agus an t-éinín ar nua-eachtra timpeall thírdhreach álainn Sceilg Mhichíl. Tugann na maisiúcháin leo anam na háite agus beidh léitheoirí óga ag spreagadh Puifín Beag cróga ar a heachtra leis an ubh bheag a thabhairt slán abhaile.

A translation of Puffling and the Egg, Puifín finds a lost egg on Skellig Michael and goes on a journey to return it to its home.

Puifín Beag Agus An Ubh

 

An Drúchtín agus an Seilide by Oein DeBhairduin and illustrated by Olya Anima (4-8)

Scéal béaloidis de chuid an Lucht Siúil atá san fhoilseachán seo, faoi bheirt drúchtíní ar deartháireacha iad i ré sula raibh seilidí ar an saol. Tá fonn ar dhuine amháin acu blaosc agus baile a bheith aige, ach tá fonn ar an duine eile a bheith fiáin gan srianta. De réir a chéile aithníonn siad an gaol atá eatarthu in ainneoin na n-éagsúlachtaí. Fabhalscéal álainn a chothódh plé faoin éagsúlacht agus a chuirfidh le heolas agus le tuiscint léitheoirí óga.

A translation of The Slug and the Snail, this fable from the Irish Traveller community teaches us about difference and acceptance.

An Drúchtín agus an Seilide

 

Óstán na bhFeaithidí by Áine Ní Ghlinn and illustrated by Mr Ando (4-8)

Léiriú agus ceiliúradh é seo ar fheithidí difriúla a mhaireann timpeall orainn. Feicimid feithidí éagsúla ag dul isteach san óstán le dreas codlata a dhéanamh, agus ‘teaghlaigh’ feithidí ina gcodladh go séimh neamhurchóideach. Dánta beaga a úsáideann an t-údar chun na feithidí a chur in aithne dúinn agus a léiriú ar bhealach gleoite. Stíl shimplí a chleachtar in ealaín an leabhair seo. Aithneoidh léitheoirí an stíl ó Ag Buzzáil sa Ghairdín agus má thaitin an leabhar sin leat, beidh grá agat don cheann seo chomh maith.

Follow the bugs as they find their rooms in the bug hotel in this bedtime story.

Óstán Na bhFeaithidí

 

Ní Bhíonn Róbait ag Caoineadh by Bob Byrne and translated by Fearghas Mac Lochlainn (5-8)

Is Róbat soineanta é Ruidín atá ag spraoi lena chairde go dtí go mbíonn siad gránna leis mar gur thosaigh sé ag caoineadh. Tá téamaí tábhachtacha ann amhail cairdeas, piarbhrú, féinmhuinín, crógacht agus difríochtaí idir dhaoine. Is ealaíontóir greannáin é an t-údar agus tá sin le mothú sna painéil líníochtaí a thugann beocht agus pearsantacht don leabhar. Foghlaimíonn Ruidín, a chairde agus an léitheoir óg leis, faoi na mothúcháin comónta seo a bhíonn ag páistí agus gur rud normálta é an éagsúlacht agus gur rud nádúrtha é bheith ag caoineadh.

A translation of Robots Don’t Cry!, this book will help young readers learn about how crying is normal and natural.

Ní Bhíonn Róbait ag Caoineadh

 

Ceol na Mara by Tadhg Mac Dhonnagáin and illustrated by Tarsila Krüse and Úna Woods, with music by John Ryan (5-7, 8-10)

Atheisiúint atá anseo d’albam a tháinig amach ar dtús fiche bliain ó shin, agus tá leabhar lánmhaisithe in éindí leis anois le léaráidí móra spleodracha splaiseacha. Téann muid ó ealaíontóir go healaíontóir agus ar ais, de réir mar a thiontaíonn muid na leathanaigh, ar nós tonnta na farraige. Tá rithim nádúrtha sna focail a oireann go han-mhaith don léitheoireacht os ard. Tá cód QR ar fáil a threoraíonn an léitheoir chomh fada le comhaid fuaime na n-amhrán. Pacáiste iomlán atá anseo a chuirfidh gliondar ar léitheoirí agus éisteoirí araon.

Watch the waves wash over each page and listen to the music of the sea with this book/album combination.

Ceol na Mara

Gáirdín Mháire na Mbláth by Tatyana Feeney (8-10)

Scéal álainn faoin gcaidreamh idirghlúine a thagann faoi bhláth nuair a chuireann Máire na mBláth aithne ar phobal na scoile áitiúla. Mar a thuigfeá óna hainm féin, is garraíodóir den scoth í agus tá cáil uirthi agus ar a gairdín ildaite bláthanna fud fad an pharóiste. Cuireann stíl éadromchroíoch mhaisitheoireachta Feeney leis an atmaisféar séimh sa scéal. Spreagann an scéal thú maireachtáil i dtiúin leis an dúlra agus tosaíonn an léitheoir ag machnamh faoina gcúram don chomhshaol.

A beautiful nature-focused intergenerational story about Máire the gardener as she gets to know the local school community.

Gáirdín Mháire na Mbláth

Scéilíní Scanrúla by Gabriel Rosenstock and illustrated by Graham Corcoran (8-10)

Idir na lámha bagracha ar chlúdach an leabhair agus na páipéir cheangail dhubha,  cruthaítear atmaisféar scanrúil scéiniúil ón tús. Tá stíl nádúrtha chomhrá ó scéal go scéal agus tá leanúnachas sa sreabhadh smaointeoireachta atá ann sna téamaí. Tugann na léaráidí beophictiúr den imeagla a thagann ar an léitheoir agus é ag léamh faoin uafás a d’fhéadfadh teacht ina threo. Tá insint ghreannmhar spraíúil sna scéalta. Tugtar rabhadh cuí don léitheoir i mblurba an leabhair maidir leis an ngeit a bhainfear as an léitheoir óg.

A collection of scary stories, this book will have you laughing in one moment and hiding behind the couch in the next.

Scéilíní Scanrúla

An Mac Tíre Deireanach by Patricia Forde (8-10, 10-12)

Is scéal dóchasach é An Mac Tíre Deireanach faoi chrógacht, caillteanas, agus tábhacht an teaghlaigh. Mealann a chlúdach álainn an léitheoir isteach sula n-osclaítear an chéad leathanach fiú. Insíonn an scéal cumhachtach seo aistear Úna agus a hiarracht an mac tíre deireanach in Éirinn a shábháil in 1652. Agus meafar an mhic tíre á úsáid i rith an scéil, foghlaimímid faoin tábhacht an rud ceart agus cineálta a dhéanamh, fiú nuair a bhíonn an domhan ar fad ag rá go bhfuilimid contráilte.

Úna tries to save the last wolf in Ireland from Cromwell’s soldiers in this tale of hope.

An Mac Tíre Deireanach

About Children's Books Ireland

Children’s Books Ireland’s is the national charity and arts organisation with a vision: every child a reader. They believe that all children should have access to excellent books and be able to experience the richness and diversity of excellent storytelling from Ireland. They share their expertise and enthusiasm with the adults who guide and influence young people, champion every child’s right to excellent books and live literature events and support the artists who make that goal possible across the island of Ireland.

Standard gift cards
Gift cards

Give a gift beyond words

Give recipients of all ages the excitement of choosing a book as well as the joy of reading it.

Supporting reading for pleasure
About us

Thank you for helping us support reading for all!

By choosing National Book Tokens, you're supporting our work with literacy charities and prizes.

Discover Children's Books
Discover

Discover brilliant books for children

Browse book recommendations, activities and quizzes for young readers, plus win exciting prizes!

National Book Tokens Discover, the place to be for booklovers.

Sign up today and we'll enter you to win a £100/€120 National Book Token every month!